Skip to main content
Posted 10 July, 2026

Cúntóir Taighde

Dublin City University
Dublin, Dublin, Ireland Full Time
Reference: 921307935

Cúntóir Taighde

Cuirtear fáilte roimh iarratais ó iarrthóirí a bhfuil na cáilíochtaí cuí acu don ról seo a leanas #003368 Cúntóir Taighde, Conradh ar Thèarma Seasta suas le 2 bhliain

Cúlra agus Próifíl an Róil

Is deis iontach è seo a bheith páirteach i sraith tionscadal taighde a bhfuil sè de sprioc acu acmhainní digiteacha den chèad scoth a fhorbairt do lucht labhartha na Gaeilge. Beidh an tè a cheapfar ina bhall de mheitheal idirdhisciplíneach a phlèann le gnèithe den tèarmeolaíocht, den teangeolaíocht chorpais, den logainmníocht, den bheathaisnèisíocht agus den bhèaloideas, i measc rèimsí eile. Oibreoidh an cúntóir taighde go dlúth le baill foirne Gaois agus lena chuid páirtnèirí taighde chun spriocanna na dtionscadal atá á reáchtáil acu a bhaint amach. Beidh an cúntóir taighe freagrach do Phríomh-Imscrúdaitheoirí na dtionscadal èagsúil agus do Cheann Scoile Fiontar & Scoil na Gaeilge. Beidh deiseanna taighde PhD ann don tè a mbeadh an cumas agus an spèis aige/aici chuige sin.

Dualgais agus Freagrachtaí

Fèach an sonrúchán poist chun teacht ar liosta dualgas agus freagrachtaí a ghabhann leis an ról seo.

Riachtanais an Iarrthóra

Fèach an tuairisc phoist le haghaidh sonraí iomlána faoi na cáilíochtaí agus an taithí atá ag teastáil don ról seo.

Scálaí Tuarastail:

Scála Tuarastail do Chúntóir Taighde: €34,129 - €40,675

Dèanfar an ceapachán i gcomhrèir le cáilíochtaí agus taithí an iarrthóra, agus de rèir pholasaí pá reatha an Rialtais.

Dáta dúnta: An Luan, 27 Iúil 2026

Le haghaidh tuilleadh eolais faoi Gaois, Fiontar & Scoil na Gaeilge, tabhair cuairt ar an suíomh grèasáin seo a leanas Gaois, Fiontar & Scoli na Gaeilge

Fiosrúcháin neamhfhoirmeálta:

An Dr Úna Bhreathnach

R-phost: [email protected]

Ná seol iarratais chuig an seoladh ríomhphoist seo le do thoil, lean na treoracha thíos ina ionad.

Nós Imeachta Iarratais:

Seol d'iarratas tríd an gcóras ar líne le do thoil. Chun go gcuirfear san áireamh thú don ról a bhfuil tú ag dèanamh iarratais air, ní mór duit na nithe seo a leanas a uaslódáil:
  1. Curriculum Vitae
  2. Litir Chumhdaigh
  3. Foirm iarratais comhlánaithe (is fèidir foirmeacha bána a íoslódáil ó bhun an Fholúntais)

Tabhair faoi deara, mura n-uaslódáiltear na nithe go lèir, measfar go bhfuil an t-iarratas neamhiomlán, agus ní dhèanfar è a phróiseáil.

Fostóir comhdheiseanna is ea Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath.

I gcomhrèir le hAchtanna um Chomhionannas Fostaíochta 1998-2015, tá an Ollscoil tiomanta do chaitheamh go cothrom leo siúd uile a bheidh ag plè lena nósanna imeachta earcaíochta, roghnúcháin agus ceapacháin.

Lèiríonn Dámhachtain Chrè-Umha Athena SWAN na hOllscoile a tiomantas i leith chur chun cinn an chomhionannais inscne agus rèiteach bearnaí pá ar bhonn inscne. Tá eolas ar rèimse polasaithe Ollscoile a bhfuil mar aidhm acu timpeallacht oibre thacúil sholúbtha a chothú ar fáil sna DCU Policy Starter Packs DCU Policy Starter Packs

#LI-Hybrid

Contact Email : [email protected]
Contact No : +00353 1 700 5436

Sign up for Job Alerts